Tionscadal Treisithe Eangaí – Cill Dara Baile Átha Cliath

Dúnta20 Bea, 2025, 09:00 - 27 Mei, 2025, 17:00

Primary tabs

Tionscadal Treisithe Eangaí – Cill Dara Baile Átha Cliath 

Comhairliúchán Poiblí 

 

 

Tá an chéad chéim den chomhairliúchán maidir le Tionscadal Treisithe Eangaí – Cill Dara-Baile Átha Cliath á reáchtáil ag EirGrid anois. Leis an gcéad chomhairliúchán seo, déanfar cinnfear maidir le cén áit go díreach a gcuirfear an dá fhostáisiún nua i gceantar Chontae Átha Cliath Thiar agus Chill Dara Thoir. Lorgóidh EirGrid aiseolas freisin maidir leis na roghanna teicneolaíochta atá ar fáil do na fostáisiúin seo.

 

Cad atá i gceist le Tionscadal Treisithe Eangaí – Cill Dara Baile Átha Cliath?

Is ionann Tionscadal Treisithe Eangaí – Cill Dara-Baile Átha Cliath agus tionscadal beartaithe chun déileáil le fás leantach an éilimh ar leictreachas sa réigiún, a bhfuil roinnt earnálacha taobh thiar de.

Áirítear leo sin: 

  • tithíocht chónaithe;
  • forbairt tráchtála agus thionsclaíoch;
  • leictriú teasa (teaschaidéil) agus iompar (feithiclí leictreacha agus iompar poiblí); agus comhtháthú na nasc fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta.

Chun tacú le spriocanna in-athnuaite, ní mór dúinn cur go mór le líon an leictreachais a ghintear ó fhoinsí in-athnuaite inár líonra. Sin é an fáth a bhfuilimid ag cur chun cinn an chláir oibre is uaillmhianaí dá ndearnadh riamh sa chóras tarchurtha in Éirinn. Áirítear leis sin treisithe, uasghráduithe, agus bonneagar nua fud fad na tíre.

Tá an bonneagar leictreachais atá i gceantar Chill Dara Thoir agus Bhaile Átha Cliath i mbaol teorainn a thoillte a bhaint amach. Chun aghaidh a thabhairt ar an riachtanas seo, tá gá le bonneagar nua chun soláthar leictreachais iontaofa, inbhuanaithe chuig pobail, cónaitheoirí, scoileanna agus gnólachtaí a chinntiú.

Le Tionscadal Treisithe Eangaí – Cill Dara-Baile Átha Cliath, cuirfear feabhas ar thoilleadh leictreachais an réigiúin seo atá ag fás go tapa. Leis an bhforbairt fhíorthábhachtach seo, feabhsófar an eangach sa cheantar, lena gcuirfear soláthar leantach, slán ar fáil, rud a thacóidh leis an bhfás agus forbairt áitiúil, chomh maith le cuidiú leis an tír a cuid spriocanna maidir leis an bhfuinneamh in-athnuaite a bhaint amach.

I ndáil leis an tionscadal seo, tá sé ríthábhachtach go bhforbrófar dhá fhostáisiún tarchurtha nua laistigh den limistéar sainaitheanta.  Is é príomhfheidhm an fhostáisiúin ná sreafaí cumhachta a éascú idir an córas tarchurtha agu an córas dáilte chun dáileadh cumhachta chuig an áit a bhfuil gá léi a chumasú.

Tá EirGrid i mbun comhairliúchán faoi láthair maidir leis na gnéithe seo a leanas den tionscadal:

  • Stáisiún nua 400/220/110kV amháin gar do theorainn Átha Cliath Theas/Chill Dara Thoir ag Baile Stíl;
  • Fostáisiún nua 220/110kV amháin gar do Chaisleán an Bhagóidigh;
  • Na roghanna teicneolaíochta is fear do na fostáisiúin sin:
  • Fostáisiún Lascthrealamh Gásinslithe (FLG); nó Fostáisiún Lascthrealamh Aerinslithe (FLA).

 

Buntáistí an Tionscadail

Leis an treisiú eangaí seo, cruthófar deiseanna trí thoilleadh breise a chur ar fáil chun leictreachas a sholáthar do cheantair ina mbeidh gá leis amach anseo, lena gcuirfear ar chumas gnólachtaí, scoileanna, ospidéal, tithe agus feirmeacha fás agus a bheith faoi bhláth, agus lena gcruthófar deiseanna éascaithe giniúna in-athnuaite freisin

 

image_3.png

Fostáisiúin atá á mBreithniú
Rinne EirGrid roinnt criosanna féideartha a shainaithint i gcás gach fostáisiúin is gá laistigh den limistéar staidéir níos leithne don Tionscadal Treisithe Eangaí – Cill Dara Baile Átha Cliath

 

Criosanna Chontae Átha Cliath Thiar

Rinne EirGrid trí chrios a shainaithint mar áiteanna féideartha d’fhostáisiún sa cheantar seo. Is féidir na criosanna sin a fheiceáil sa léarscáil thíos:

 

image_0.png

Criosanna Átha Cliath Thiar Theas / Chill Dara Thoir

Rinne EirGrid ceithre chrios a shainaithint mar áiteanna féideartha d’fhostáisiún sa cheantar seo. Is féidir na criosanna sin a fheiceáil sa léarscáil thíos:

 

image_1.png

Teicneolaíochtaí fostáisiúin atá á mbreithniú

Rinneadh an dá theicneolaíocht fostáisiúin thíos a bhreithniú:

Tá saintréithe ar leith ag an dá theicneolaíocht, a fhágann go bhfuil siad oiriúnach do chásanna éagsúla bunaithe ar infhaighteacht talún, ar riachtanais nasctha amach anseo, agus ar chomhlíontacht rialála mar a leagtar amach thíos:

 

Fostáisiún Lascthrealamh Gásinslithe (FLG)

  • Baineann sé úsáid as gás chun trealamh leictreach a insliú, rud a cheadaíonn dearadh dlúth.
  • Níos lú spás ag teastáil uaidh agus tá tionchar fíorbheag amhairc aige.
  • Is gnách go dtógtar laistigh é i bhfoirgnimh thiomnaithe.
  • Leathnú amach anseo teoranta—is gá trealamh breise a shuiteáil ag an tús.

Fostáisiún Lascthrealamh Aerinslithe (FLA)

  • Baineann sé úsáid as aer le haghaidh inslithe, rud a fhágann go mbeidh leathnuithe amach anseo níos éasca.
  • Níos mó spás ag teastáil uaidh.
  • Is gnách go dtógtar lasmuigh é le lorg níos mó.

 

Na chéad chéimeanna eile do Thionscadal Treisithe Eangaí – Cill Dara Baile Átha Cliath

Nuair atá criosanna féideartha d’fhostáisiún sainaitheanta don dá fhostáisiún, sainaithneofar láithreáin le measúnú sa bhreis. Ina dhiaidh sin, déanfar measúnuithe ar chiorcaid nasctha, lena n-áirítear ciorcaid bheartaithe nasctha, teicneolaíochtaí beartaithe agus conairí/bealaí féideartha

 

image_2.png

Tuilleadh eolais

Má bhíonn aon cheisteanna agat, dean teagmháil le:

Eoghan O’Sullivan
Oifigeach Idirchaidrimh don Phobal

Fón: +353 87 247 7732

Ríomhphost: eoghan.osullivan@eirgrid.com

Nó le:

Stephen Quinn

Oifigeach Idirchaidrimh don Phobal

Fón: +353 87 001 8084

Ríomhphost: stephen.quinn2@eirgrid.com


 
File is downloading...

Ceisteanna

C1. Cuir aon tuairim atá agat in iúl maidir leis na trí rogha creasa d’fhostáisiún ó thuaidh atá á mbreithniú (Crios ZN1, Crios ZN2 agus Crios ZN3 atá léirithe sa chomhairliúchán seo)
C2. As na criosanna sin, cé acu do rogha agus cén fáth ?
C3. Cuir aon tuairim atá agat in iúl maidir leis na ceithre rogha creasa d’fhostáisiún ó dheas atá á mbreithniú (Crios ZS1, Crios ZS2, ZS3 agus Crios ZS4 atá léirithe sa chomhairliúchán seo)
C4. Cuir aon tuairim atá agat in iúl faoi na criosanna fostáisiúin beartaithe agus/nó faoin limistéar staidéir beartaithe i ndáil le srianta comhshaoil agus bithéagsúlachta
C5. Cuir aon tuairim atá agat in iúl faoi na criosanna fostáisiúin beartaithe agus/nó faoin limistéar staidéir beartaithe i ndáil le cúrsaí cultúrtha agus/nó oidhreachta
C6. As na teicneolaíochtaí fostáisiúin (LGI - Lascthrealamh Gásinslithe nó LAI – Lascthrealamh Aerinslithe), cé acu do rogha agus cén fáth?
C7. Cuir aon tuairimí eile atá agat i ndáil leis an tionscadal seo in iúl.
Glac síntiús