Plean um Rannpháirteachas le Páirtithe Leasmhara 2026

Dúnta15 D.F., 2025, 14:00 - 13 Sam, 2025, 17:00

Primary tabs

Tá EirGrid tiomanta dár rannpháirteachas lenár bpáirtithe leasmhara uile – custaiméirí, earnáil na tionsclaíochta, an pobal, agus pobail áitiúla – a fheabhsú ar bhonn leanúnach, agus dár modhanna rannpháirteachas a thuairisciú ar bhealach oscailte agus trédhearcach. Is bonn taca é an cur chuige sin dár bpróiseas rannpháirteachais agus ligeann sé dúinn dul i mbun rannpháirteachais i bpróiseas feabhsaithe leanúnaigh.

Le cinneadh CER/18/087 an Choimisiúin um Rialáil Fóntais (CRU)i mí Bealtaine 2018, bunaíodh creat tuairiscithe agus spreagtha faoi AP4. Le ceann de na dreasachtaí, tugadh creat le haghaidh measúnú bliantúil ar na bearta glactha ag EirGrid, mar Oibritheoir Córais Tarchurtha (OCT) chun riachtanais na bpáirtithe leasmhara a thuiscint agus aghaidh a thabhairt orthu, i.e., custaiméirí, gineadóirí, soláthraithe, agus pobail áitiúla. Leis an gcreat sin, soláthraíodh bunú painéil chun cáilíocht, cur chun feidhme, agus éifeachtacht an OCT inár gcuid straitéisí i leith rannpháirteachas le páirtithe leasmhara i rith na bliana roimhe sin. Trí CRU/20/154, choinnigh Dreasachtaí Chreat Rialála agus Páipéar Cinnidh Tuairiscithe Athbhreithniú Praghas 5 de chuid CRU (AP5), the CRU modh Dreasachtaí Rannpháirteachais le Páirtithe Leasmhara chun ‘…leanúint le buntáistí an rannpháirteachais éifeachtaigh le páirtithe leasmhara.’. Tá a nDréacht-Chinneadh i ndáil le Athbhreithniú Praghsanna 6 (AP6) agus leag siad amach a rún chun leanúint de Dhreasacht an Rannpháirteachais le Páirtithe Leasmhara le linn thréimhse AP6 (2026-2030).

Maidir leis an gcomhairliúchán seo

Tá EirGrid ag foilsiú ár nDréacht-Phlean um Rannpháirteachas le Páirtithe Leasmhara an Líonra 2026 le haghaidh comhairliúchán poiblí. Sa tuarascáil seo, sonraítear ár gcuid gníomhaíochtaí beartaithe maidir le rannpháirteachas le páirtithe leasmhara don bhliain 2026 agus chuirfeadh muid fáilte roimh freagra uait maidir leis na ceisteanna ar thaobh na láimhe deise.

Bíodh gach freagra curtha leis an tairseach comhairliúcháin faoi 5i.n. Déardaoin, an 13 Samhain, 2025.

File is downloading...

Téamaí

An bhfuil aon leasuithe nó breiseanna molta agat ar Dhréacht-Phlean 2026 um Rannpháirteachas le Páirtithe Leasmhara de chuid EirGrid?
An bhfuil aon pháirtithe leasmhara eile ann a mheasann tú gur cheart do EirGrid a bheith ina mbun d’fhonn ár gcroí-shainchúram a sholáthar agus spriocanna an Rialtais maidir le fuinneamh in-athnuaite a bhaint amach?
An bhfuil aon aiseolas agat maidir le béimeanna EirGrid do rannpháirteachas éifeachtach le páirtithe leasmhara?
An bhfuil aon aiseolas agat maidir le modhanna EirGrid maidir le rannpháirteachais an comhairliúchán sin san áireamh?
Glac síntiús