Dréacht-Tuarascáil um Rannpháirteachas le Páirtithe Leasmhara 2025

Dúnta25 Fea, 2026, 12:00 - 26 Már, 2026, 17:00

Primary tabs

Foclaíocht na tairsí comhairliúcháin: 

Tá EirGrid tiomanta dár rannpháirteachas lenár bpáirtithe leasmhara uile – custaiméirí, earnáil na tionsclaíochta, pobail áitiúla, agus an pobal i gcoitinne – a fheabhsú ar bhonn leanúnach, agus dár modhanna rannpháirteachais a thuairisciú ar bhealach oscailte agus trédhearcach. Is bonn taca é an cur chuige sin dár bpróiseas rannpháirteachais agus ligeann sé dúinn dul i mbun rannpháirteachais i bpróiseas feabhsaithe leanúnaigh. 

 Le cinneadh CER/18/087 an Choimisiúin um Rialáil Fóntais (CRU) i mí Bealtaine 2018, bunaíodh creat tuairiscithe agus spreagtha faoi AP4. Le ceann de na dreasachtaí, tugadh creat le haghaidh measúnú bliantúil ar na bearta glactha ag EirGrid, mar Oibritheoir Córais Tarchurtha (OCT) chun riachtanais na bpáirtithe leasmhara a thuiscint agus aghaidh a thabhairt orthu, i.e., custaiméirí, gineadóirí, soláthraithe, agus pobail áitiúla. Leis an gcreat sin, rinneadh socrú do bhunú painéil chun cáilíocht, cur chun feidhme, agus éifeachtacht an OCT inár gcuid straitéisí i leith rannpháirteachas le páirtithe leasmhara i rith na bliana roimhe sin a mheas agus a scóráil. Trí CRU/20/154, Dreasachtaí Chreat Rialála agus Páipéar Cinnidh maidir le Tuairisciú Athbhreithniú Praghsanna 5 (AP5) de chuid CRU, choinnigh an CRU modh Dreasachta um Rannpháirteachas le Páirtithe Leasmhara chun ‘…leanúint le buntáistí an rannpháirteachais éifeachtaigh le páirtithe leasmhara’. Tá a gCinneadh Deiridh i ndáil le Athbhreithniú Praghsanna 6 (AP6) lena n-áirítear rannpháirteachas le páirtithe leasmhara foilsithe mar dhreasacht le linn thréimhse AP6 (2026-2030).  

 

Maidir leis an gcomhairliúchán seo 

Tá EirGrid ag foilsiú ár nDréacht-Tuarascála um Rannpháirteachas le Páirtithe Leasmhara an Líonra 2025 le haghaidh comhairliúchán poiblí. Sa tuarascáil seo, sonraítear ár gcuid gníomhaíochtaí maidir le rannpháirteachas le páirtithe leasmhara le linn 2025 agus chuirfeadh muid fáilte roimh freagra uait maidir leis na ceisteanna seo a leanas.  

Bíodh gach freagra curtha leis an tairseach comhairliúcháin faoi 5i.n. an 26 Márta 2026. 

 

Ag foilsiú do fhreagra: eolas tábhachtach 

Murar mhian leat go bhfoilseofar do fhreagra, cuir lipéad soiléir ar an gcéad leathanach de do fhreagra mar ‘rúnda’ (agus ar leathanaigh ina dhiaidh más maith leat). Má mharcáiltear do fhreagra mar fhreagra ‘rúnda’, ní roinnfear é lasmuigh de EirGrid cpt agus an CRU.  

Mura marcáiltear do fhreagra mar fhreagra ‘rúnda’, roinnfear é go poiblí inár ndoiciméad freagartha comhairliúcháin, ar ár dtairseach consult.ie, agus tá seans ann go roinnfear é le tríú páirtithe de réir mar a iarrtar sin.  

Tabhair do d’aire, i gcáipéis fhreagartha chomhairliúchán EirGrid, is do thuairimí agus d’aiseolas laistigh de raon feidhme an chomhairliúcháin seo ó fhreagróirí an chomhairliúcháin maidir leis an Dréacht-Tuarascáil um Rannpháirteachas le Páirtithe Leasmhara a fhreagróidh EirGrid. Ní áireofar aon tuairimí ná aiseolas lasmuigh de raon feidhme an chomhairliúcháin seo i gcáipéis fhreagartha an chomhairliúcháin. 

Bíodh gach freagra curtha leis an tairseach comhairliúcháin faoi 5i.n. an 26 Márta 2026. 

File is downloading...

Téamaí

An bhfuil aon leasuithe nó breiseanna le moladh agat ar Dhréacht-Tuarascáil 2025 um Rannpháirteachas le Páirtithe Leasmhara de chuid EirGrid?
An bhfuil aon aiseolas agat maidir leis an méadracht a cuireadh in iúl i nDréacht-Tuarascáil um Rannpháirteachas le Páirtithe Leasmhara 2025 de chuid EirGrid?
An bhfuil aon aiseolas agat maidir le modhanna EirGrid i ndáil le rannpháirteachas, an comhairliúchán seo san áireamh?
Glac síntiús